Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tionscadail Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 22 March 2012

Thursday, 22 March 2012

Ceisteanna (85)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

88 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais and Scileanna cén uair a thosófar an obair thógála ar an síneadh ar Choláiste Iognáid, Bóthar na Mara, Gaillimh, de bharr go bhfuil an comhlacht tógála a bhí ceapatha an obair seo a dhéanamh i lámha glacadóra; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15880/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá mo Roinnse ag fanacht faoi láthair ar Thuairisc athbhreithnithe Tairisceana a fháil ón mBord Bainistíochta agus ón bhFoireann Deartha acu siúd maidir le conraitheoir comhlánaithe.

Ar an gcionníoll nach mbíonn ceisteanna ar bith ann maidir leis an Tuairisc Athbhreithnithe Tairisceana nuair a fhaighfear í, rachaidh an tionscadal ar aghaidh chun chéim an bhronnta agus ansin chun tógála.

Barr
Roinn