Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gaelscoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 March 2012

Tuesday, 27 March 2012

Ceisteanna (185)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

174 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nach bhfuil síneadh ar Ghaelscoil Mhic Amhlaigh ar an gClár Cúig Bliana do scoileanna a fógraíodh le gairid, i bhfianaise an ráitis a rinne sé nuair a bhí sé ina urlabhraí oideachais ag an bhfreasúra nach ceart d’aon ghasúr a bheith á mhúineadh i seomraí réamhdhéanta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16128/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

De bharr an riachtanais atá ann lena chinntiú go mbíonn rochtain ag gach aon pháiste ar ionad scoile, beidh sé ina phríomhfhócas ag an infheistíocht chaipitil i scoileanna sna blianta amach romhainn tionscadail mhóra scoile a sheachadadh chun freastal ar na héilimh dhéimeagrafacha ar fud na tíre. Tá an clár cúig bliana a fógraíodh níos luaithe dírithe ar na héilimh dhéimeagrafacha a shásamh. Sa chomhthéacs sin, níorbh fhéidir na hiarratais uile ar mhaoiniú caipitil a chur chun cinn go comhthráthach.

Tá an tionscadal mór tógála don scoil dá dtagraíonn an Teachta ag ardchéim phleanáil ailtireachta faoi láthair agus thug Aonad Pleanála agus Tógála mo Roinne faomhadh d'aighneacht Chéim 2(b) (Dearadh Mionsonraithe) ar 10ú Eanáir 2012.

Ní féidir, áfach, i bhfianaise na n-éileamh iomaíocha faoi láthair ar bhuiséad caipitil mo Roinne, an tionscadal seo a chur ar aghaidh chun tairisceana agus tógála ag an tráth seo.

In view of the need to ensure that every child has access to a school place, the delivery of major school projects to meet the demographic demands nationally will be the main focus for capital investment in schools in the coming years. The five year programme announced recently is focused on meeting those demographic needs. In that context, it was not possible to advance all applications for capital funding concurrently. The major building project for the school referred to by the Deputy is currently at an advanced stage of architectural planning and the Stage 2(b) submission (Detailed Design) was approved by the Departments Planning and Building Unit on 10th January 2012. However, in light of current competing demands on the Department's capital budget, it is not possible to progress this project to tender and construction at this time.

Barr
Roinn