Éamon Ó Cuív
Ceist:712 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige scéim tithe na Gaeltachta a athoscailt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18663/12]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Wednesday - 18 April 2012
712 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige scéim tithe na Gaeltachta a athoscailt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18663/12]
Amharc ar fhreagraMar is eol don Teachta, cuireadh an Scéim Tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta) 1929-2001 ar fionraí ar an 7 Aibreán 2009. Cé go bhfuiltear ag próiseáil nan-iarratas ar fad a bhí ceadaithe nó faighte ag mo Roinn sular cuireadh an scéim ar fionraí, níl i gceist an scéim a athoscailt faoi láthair. Beidh aon chinneadh a thógfar amach anseo i leith na scéime le déanamh i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus faoi réir pé acmhainní a bheidh ar fáil.