Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 1 May 2012

Tuesday, 1 May 2012

Ceisteanna (5)

Ceist:

104Deputy Michael P. Kitt den an Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé aon athrú ar ról Údarás na Gaeltachta tar éis Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin a cheapadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21698/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (5 píosaí cainte)

Ag an gcruinniú den 31 Bealtaine 2011, thóg an Rialtas na cinntí seo a leanas maidir le feidhmeanna Údarás na Gaeltachta: go mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha na heagraíochta go ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh, faoi réir foráil reachtúil a dhéanamh chun cumhacht a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don Údarás a chuid acmhainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontraíochta ar leith, agus meicníocht a fhorbairt chun go mbeidh an t-údarás in ann comhoibriú le háisíneachtaí fiontraíochta eile, ach go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu, agus go mbeidh an fhreagracht maidir le forfheidhmiú na straitéise 20 bliain don Ghaeilge laistigh den Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta.

Tá an Bille Gaeltachta 2012 á dhréachtú faoi láthair, a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo, de réir mar is cuí. Ní bheidh aon tionchar díreach ag ceapachán príomhfheidhmeannaigh don údarás ar an phróiseas seo, ach tá mé ag súil le bheith ag obair i gcomhar leis an phríomhfheidhmeannach úr agus na cinntí Rialtais seo á dtabhairt chun cinn.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Steve Ó Cúlain , an príomhfheidhmeannach nua, agus gabhaim buíochas le Seán Ó Labhraí a bhí mar phríomhfheidhmeannach gníomhach san interim. An ndéanfaidh an tAire Stáit athbhreithniú ar na toghcháin atá curtha ar ceal don údarás? An bhfuil pleananna ann chun turasóireacht a chur chun cinn sa Ghaeltacht?

Cuirim leis an méid a dúirt an Teachta agus déanaim comhghairdeas leis an bpríomhfheidhmeannach úr, a bhfuil an-eolas aige ar imeachtaí agus ar láimhseáil chúrsaí in Údarás na Gaeltachta le blianta fada. Gabhaimid buíochas ó chroí fosta don phríomhfheidhmeannnach gníomhach bhí ag an údarás le tamall agus atá ag éirí as tar éis seirbhís fhada a thabhairt don údarás agus don Ghaeltacht.

Maidir leis an mBille agus ceapadh na mball, tá cinneadh déanta ag an Rialtas go mbeidh údarás amháin ann le feidhmiúchán fiontraíochta ag an údarás agus dualgais air maidir le cur chun na straitéise 20 bliain sa Ghaeltacht féin. I measc an chinnidh sin a rinne an Rialtas i mí Bhealtaine seo caite, dúradh nach mbeadh toghchán díreach ann ach mar sin féin go mbeadh ionchur daonlathach ag cuid de na baill a thoghfaí ar an mbord úr. Ní bheidh an bord chomh mór agus atá sé anois. Beidh thart faoi deichniúr nó 12 air.

Tá an t-údarás lonnaithe i bpáirteanna den tír ina bhfuil an turasóireacht iontach tábhachtach. Tá baint ann i mo Roinn féin le forbairt na turasóireachta sa Ghaeltacht, na coláistí samhraidh ach go háirithe, agus an 25,000 dalta a théann go dtí an Ghaeltacht gach bliain.

Tá an reachtaíocht á hullmhú faoi láthair faoi choinne Bhille na Gaeltachta agus na feidhmeanna breise a bheidh ag an údarás, agus beidh na sonraithe sin sa Bhille, atá beagnach réidh. Níl a fhios agam an bhfuil an t-iarratas istigh, ach má tá nó má thagann a leithéid isteach, is cinnte go ndéanfar é a scrúdú go mion. Níl mé ag rá go nglacfar leis ach níl mé ag rá nach nglacfar leis. Ar ndóigh, is freagracht é sin, is cúis í sin, is cás é sin atá le déanamh ag an údarás féin ag an bpointe seo.

Níl mé sásta go bhfuil daonlathas ann muna bhfuil toghchán ann. Ó thaobh fostaíochta de, céard atá bainte amach ag an údarás le déanaí maidir le postanna a chur ar fáil?

I gcáinfhaisnéis na bliana seo cuireadh an t-airgead chaipitil chéanna ar fáil don údarás agus a cuireadh ar fáil anuraidh, is é sin, €6 mhilliún. Deirtear liom go bhfuil idir €4 mhilliún agus €5 in achmhainní ag an údarás féin. Fágann sé sin go bhfuil €11 mhilliún ar fad le fostaíocht a chruthú ins an Ghaeltacht. Tá obair mhaith á dhéanamh ag an údarás chomh fada agus a bhaineann sé le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. Tá breis agus 7,000 duine ag obair i gclient chomhluchtaí an údaráis ins na Gaeltachtaí agus ní bheadh siad sin ann, i mo thuairim, agus is duine ón nGaeltacht mé, ach amháin go bhfuil an t-údarás ansin.

Caithfidh mé a rá go bhfuil an t-údarás ag dul ar aghaidh go maith i láthair na huaire. Coicís ó shin, bhí an-dea scéala ag an údarás do Indreabhán i gConamara nuair a d'fhógair sé 2,200 post úra i dtionscal na poitigéireachta, nó na sláinte, agus postanna den chéad scoth iad. Ba mhaith liom tréaslu leis an údarás as sin a dhéanamh. Rinne sé é agus é ag comhoibriú leis an Údaras Forbartha Tionsclaíochta. Is deas an rud é go bhfuil an chomhoibriú seo eatarthu. Postanna den ard-scoth a bhéas iontu sin. Táthar ag tosnú láithreach ar fhorbairt a dhéanamh ar an mhonarcan thíos ansin. Bhí mé féin thíos an tseachtain seo chaite agus chonaic mé cad é atá ar siúl ann. Beidh ard-phostanna ar fáil do dhaoine cháilithe agus an-thuarastal á shaothrú acu. Nuacht an-mhaith don Ghaeltacht is ea é.

Chomh maith leis sin ba mhaith liom tréaslu leis an gcomhlacht mhór idirnáisiúnta, Mylan, a bhfuil i ndiaidh an vóta maoine seo a thabhairt, ní hamháin do Údarás na Gaeltachta ach do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na hÉireann chomh maith. Léiríonn sé an meas atá ag an gcomhlacht ar na hoibrithe agus ar na fostaithe atá aige ins na ceantair Gaeltachta, ar a ndílseacht don chomhlacht agus ar chomh héifeachtach agus a oibríonn siad don chomhlacht, nuair atá sé sásta infheistíocht na milliún a dhéanamh, an infheistíocht is mó a rinneadh i bhfiontar tionsclaíochta ins an nGaeltacht ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta.

Barr
Roinn