Tuigim ó Chomhchoiste Thithe an Oireachtais um Chomhshaol, Iompar, Chultúr agus an Ghaeltacht go bhfuiltear ag súil tuarascáil agus moltaí i ndáil leis an díospóireacht ar an tSamhail Nua Mhaoinithe a chur ar fáil le linn mhí na Bealtaine. Ní mór dom a mheabhrú don Teachta, áfach, gurb é Foras na Gaeilge atá i mbun na hoibre seo ar an athbhreithniú ar an 19 eagraíocht bunmhaoinithe. Dá réir sin, glacaim leis go gcuirfidh Foras na Gaeilge moltaí an Chomhchoiste, mar aon leis na moltaí a tháinig chun cinn le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a chríochnaigh ar an 2 Aibreán 2012, san áireamh agus tuarascáil á réiteach aige do bhord Fhoras na Gaeilge. Táthar ag súil go mbeidh tuarascáil chríochnúil Fhoras na Gaeilge faoin bpróiseas comhairliúcháin phoiblí réidh le dul os comhair na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas ag an gcéad chruinniú eile i bhfoirm rannach na teanga an samhradh seo.