Chuaigh Meitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG), an grúpa atá conraithe ag mo Roinn chun seachadadh a dhéanamh ar Axes 3 and 4 (LEADER) den Chlár Forbartha Tuaithe (CFT) sa Ghaeltacht, faoi leachtú ar 7 Meán Fómhair, 2011. Tá an próiseas ó thaobh dlí de maidir le "imeachtaí foirceanta'' ag dul ar aghaidh go fóill.
Maidir le seachadadh Axes 3 and 4 (LEADER) de chuid Chlár ForbarthaTuaithe sna ceantair Ghaeltachta san fhadtéarma, tá mo Roinn faoi láthair ag scrúdú na n-aighneachtaí a rinneadh mar chuid den phróiseas ar cuireadh tús leis i mí an Mhárta nuair a iarradh léirithe spéise ó Chomhlachtaí Forbartha Tuaithe eile chun gnéithe LEADER de chuid CFT a sheachadadh sna ceantair a raibh MFG ag feidhmiú iontu sa tréimhse atá fágtha den Chlár. Tá tuilleadh oibre fós le déanamh chun an próiseas a chríochnú; tá súil agam, áfach, go mbeidh sé críochnaithe go han-luath.
Maidir leis an tionscadal a ndearnadh tagairt dó sa cheist, ní raibh an próiseas ó thaobh an iarratais a churadh le chéile don tionscadal seo ach ina thús agus ní raibh aon socrú ó thaobh conartha de, déanta le MFG nuair a leachtaíodh an comhlacht. Beidh na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla atá roghnaithe chun an CFT a riaradh sna ceantair Ghaeltachta ag déileáil leis na tionscadail seo go léir sa ghnáthshlí. Beidh gach tionscnóir curtha ar an eolas maidir leis seo chomh luath agus atá na socruithe déanta maidir leis na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla atá roghnaithe chun an CFT a sheachadadh sna ceantair Ghaeltachta.