Tá dhá scéim teanga daingnithe agam faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla go dtí seo i mbliana. Ciallaíonn sé seo go bhfuil 107 scéim teanga san iomlán, a chlúdaíonn 192 comhlacht poiblí, daingnithe ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm. Tá sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atá á n-ullmhú faoi latháir, ar fáil ar shuíomh idirlín Oifig an Choimisinéara Teanga,www.coimisineir.ie.
Tá plé leanúnach ar siúl ag oifigigh mo Roinne le comhlachtaí poiblí maidir le scéimeanna teanga a ullmhú agus a aontú. Sa chomhthéacs sin, tá suas le 20 dréachtscéim á bplé go gníomhach ag mo Roinn faoi láthair agus tá mé dóchasach, mar sin, go ndéanfar dul chun cinn sásúil chun tuilleadh scéimeanna a dhaingniú agus a fhoilsiú faoi dheireadh na bliana seo.