Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 6 June 2012

Wednesday, 6 June 2012

Ceisteanna (74)

Pearse Doherty

Ceist:

64 D’fhiafraigh Pearse Doherty den Aire Airgeadais an bhfuil deireadh curtha le hAonad 088, an rannóg a d’fhreastail ar phobal na Gaeilge, in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim; má tá, cé a bheidh ag próiseáil foirmeacha Gaeilge anois, an mbeidh daoine gan Ghaeilge ag plé leis na foirmeacha, agus an gcuirfidh sé seo moill ar an bpróiseas do dhaoine a líonfaidh foirm as Gaeilge; an bhfuil córas nua ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26239/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim in iúl dom go ndearna siad roinnt athruithe riaracháin le déanaí ar an mbealach ina ndéantar bainistíocht ar a seirbhís 1890 do chustaiméirí Gaeilge. Cinnteoidh na hathruithe sin nach mbeidh aon laghdú i gcaighdeán na seirbhíse atá ar fáil do chustaiméirí atá ag lorg comhairle trí Ghaeilge.

Maidir le próiseáil tuairisceáin agus comhfhreagras Gaeilge, cuireann na Coimisinéirí in iúl dom freisin, cé go bhfuil siad ag athbhreithniú na socruithe riaracháin don tseirbhís seo faoi láthair, níl aon athrú déanta ar fhreagrachtaí go dtí seo. Leanfaidh foireann oifigigh in oifigí éagsúla Ioncaim, Aonad 88 i nDúiche Bhaile Átha Cliath Thuaidh san áireamh, ar aghaidh leo ag soláthar seirbhís Ghaeilge. Beidh fógraíocht ann i leith aon athruithe a chuirfear i bhfeidhm.

Barr
Roinn