Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 21 June 2012

Thursday, 21 June 2012

Ceisteanna (112)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

108 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an bhfuil sé i gceist aige a mholadh don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go dtabharfaí na Cinn Chomhairimh i dtoghcháin agus i reifrinn faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, i bhfianaise an fhreagra a fuair mé ar Cheist Pharlaiminte Uimhir 87 an 14 Meitheamh 2012; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30220/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ní thagann Ceann Comhairimh nó a fhoireann díreach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. I dtreoirlínte a eisítear roimh gach toghchán chuig Ceann Comhairimh molann mo Roinn go ndéanfadh siad cinnte de go bhfuil oifigigh ceannais and cléirigh vótaíochta sa Ghaeltacht ábalta a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Iarrtar ar Cheann Comhairimh freisin, sna treoirlínte, a chinntiú go bhfuil fógraí agus postaeir i stáisiúin vótála sa Ghaeltacht, chomh maith le comharthaí don stáisiúin vótála, i nGaeilge amháin. Níl sé ar intinn agam athrú a dhéanamh maidir le stádas oifigigh toghcháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.

Barr
Roinn