Chun bheith intofa ar dheontas mic léinn do bhliain acadúil ní mór duit bheith cónaitheach ar feadh 3 bliana ar a laghad as na 5 bliana díreach roimh an dáta ar a dtosnaíonn an bhliain staidéir sin, agus bheith ar chúrsa faofa in institiúid fhaofa.
Más rud é nach sásaíonn tú an riachtanas cónaitheachta in Éirinn, ach go bhfuil tú tar éis bheith i do chónaí i mBallstát eile den AE, sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, nó san Eilbhéis ar feadh 3 bliana ar a laghad as na 5 bliana díreach roimh an dáta ar a dtosaíonn an bhliain staidéir sin, is feidir go mbeifeá intofa ar dheontas i leith táillí teagaisc amháin.
Is gnó don údarás dáfa deontas lena mbaineann é cinneadh a dhéanamh faoi intofacht duine ar dheontas mic léinn.
Tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé indéanta agamsa a rá cé acu an gcáileodh mac léinn do dheontas nó nach gcáileodh, nó cén leibhéal deontais a bheadh cuí, in éagmais na sonraí ábhartha go léir a bheadh i bhfoirm iarratais duine, san áireamh sonraí maidir le náisiúntacht, cónaitheacht, gnóthachtáil acadúil roimhe sin, agus acmhainn.