Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 June 2012

Tuesday, 26 June 2012

Ceisteanna (404)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

481 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar deontas faoin scéim um roghanna comhshaoil talmhaíochta, 2011 le feirmeoir (sonraí tugtha); cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30729/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cuireadh in iúl don duine ainmnithe go ndearnadh é a fhormheasadh le bheith rannpháirteach sa Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta a tháinig i bhfeidhm ón 01 Meán Fómhair 2011.

Faoi Rialacháin an AE a rialaíonn an Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta agus scéimeanna íocaíochta bunaithe sa cheantar, ní mór seiceáil riaracháin chuimsitheach, tras-sheiceáil leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún ina measc, a chur i gcrích ar gach iarratas sular féidir íocaíocht ar bith a eisiúint. Tarlaíonn na seiceálacha seo i bhfad roimh ré agus táim ag súil leo a bheith curtha i gcrích go luath amach anseo agus go dtosófar ag déanamh íocaíochtaí a luaithe agus is féidir. Má eascraíonn aon fhiosruithe as na seiceálacha seo beidh mo Roinn i dteagmháil go díreach leis an duine ainmnithe.

Barr
Roinn