Peadar Tóibín
Ceist:22 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a fhoilseofar an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. [35022/12]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Wednesday - 18 July 2012
22 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a fhoilseofar an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. [35022/12]
Amharc ar fhreagraMar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, fuarthas timpeall 1,400 freagra ar shuirbhé maidir le seirbhísí trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí, chomh maith le 260 aighneacht óhiliomad páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí eile, eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus an pobal i gcoitinne. Tá anailís ar na moltaíéagsúla a fuarthas ar siúl ag oifigigh mo Roinne faoi láthair.
Táthar ag súil go bhfoilseofar tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin san fhómhar chomh maith le torthaí an tsuirbhé agus na haighneachtaí a fuarthas uathu siúd a chuir in iúl go raibh siad sásta go bhfoilseofaí iad.
Tar éis don athbhreithniú a bheith curtha i gcrích, déanfar an cás do leasú na reachtaíochta a bhreithniú agus cuirfear moltaí cuí i dtaca leis sin faoi bhráid an Rialtais.