Déantar soláthar faoi Alt 9 de Threoir an Aontais Eorpaigh maidir le Gnáthóga don fhéidearthacht dí-shainiú a dhéanamh ar láthair Limistéir Chaomhantais Speisialta. Is feidhm den Choimisiún Eorpach é seo, agus i gcomhréir leis an Treoir, ní féidir é a dhéanamh ach amháin nuair atá gá leis mar gheall ar athruithe nádúrtha atá tugtha faoi deara mar thoradh ar fhaireachais an Bhallstáit. Is iad na hathruithe atá i gceist anseo, mar shampla, ná nuair a dhéantar damáiste do ghnáthóg mar thoradh ar chreimeadh, sciorradh talún, nó a leithéid d'eachtra nádúrtha. Déantar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (LON) a shainiú faoi na hAchtanna um Fhiadhúlra, áit a leagtar amach an fhéidearthacht maidir le ceantar a bhaint amach ó shuíomh da leithéid más rud é nach bhfuil luach eolaíochta ag baint leis a thuilleadh. Níl i gceist agam aon leasú a dhéanamh ar aon suíomh LON faoi láthair.