Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim Liúntais Cúitimh do Limistéir faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 October 2012

Tuesday, 16 October 2012

Ceisteanna (530)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

530. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar deontas an scéim um limistéir faoi mhíbhuntáiste 2012 le feirmeoir (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44607/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Fuarthas iarratas faoin Scéim um Limistéir faoi Mhíbhuntáiste/Scéim Aoníocaíochta 2012 ón duine ainmnithe an 9 Bealtaine 2012. Áirítear ar na tailte a dearbhaíodh dhá cheapach neamhdhigitithe nach raibh na léarscáileanna is gá tugtha ina leith. Scríobh mo Roinn chuig an duine ainmnithe ina leith seo. Chomh luath agus a fhaightear an t-ábhar sin, déanfar an t-iarratas a phróiseáil.

Barr
Roinn