I propose to take Questions Nos. 680 to 684, inclusive, together.
Déanann on Roinn Sláinte suirbhé d’aonaid fadchónaithe gach bliain. Cuirtear ceistneoir chuig gach aonad fadchónaithe (poiblí, príobháideach agus deonach) agus déanann an Roinn comhordú ar na freagraí. An aidhm atá leis an suirbhé ná staitisticí a sholáthar maidir le líon na leapacha atá ar fáil i gcomhair cúram fadtéarmach, conas a úsáidtear na leapacha agus na cineálacha daoine a úsáideann na leapacha. Ullmhaítear “Staitisticí Gníomhaíocht Fadchónaithe” (Long-Stay Activity Statistics – atá ar fáil i mBéarla amháin) a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Tá fáil ar Staitisticí Gníomhaíocht Fadchónaithe 2010 (an bhliain is deireanaí atá ar fáil) agus na blianta roimhe sin ar www.doh.ie. Tugann gach tuarascáil mionsonraí ar líon na leapacha príobháideacha agus poiblí i ngach Contae, aonad ar aonad. Ba chóir go mbeadh an Teachta aireach go bhfuil torthaí na suirbhéanna féintuairiscithe.
Beidh an Teachta ar an eolas gurb é an tÚdarás Um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (ÚFCS) an comhlacht reachtúil atá freagrach as lárionaid ainmnithe do dhaoine scothaosta a chlárú. Tá fáil ar sonraí gach teach altranais atá cláraithe faoi láthair, lena n-áirítear an t-uasmhéid cónaitheoirí gur féidir freastail orthu, ar shuíomh gréasáin ÚFCS, www.hiqa.ie .
Sonraíonn Tuarascáil Bhliantúil 2011, atá foilsithe ag an Údarás, an gníomhaíocht clárúcháin agus cigireachta agus an tuairisciú a rinneadh i rith 2011. Tá fáil ar an eolas seo ar shuíomh greásáin ÚFSC. Ina theannta sin, i mí Feabhra 2012 d’fhoilsigh ÚFCS tuarascáil dar teideal “Designated centres for older people: an analysis of inspection findings during the first 15 months of inspection ” ina dtugtar mionsonraí maidir le líon sáruithe na rialacháin agus maidir le cineáleacha na sáruithe úd.