Mary Lou McDonald
Ceist:15. D'fhiafraigh Deputy Mary Lou McDonald den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an gcuirfidh sé tábla ar fáil a thugann miondealú, ar bhonn gráid agus scála, ar na 136 phinsean atá á n-íoc ag Údarás na Gaeltachta le hiarfhostaithe na heagraíochta, tábla a thugann miondealú, ar bhonn gráid agus scála, ar na pinsin atá á n-íoc ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le hiarfhostaithe na Roinne, an dtabharfaidh sé líon na mball foirne, más ann dóibh, a bhíodh ag obair d'Údarás na Gaeltachta, a chuaigh ar scor agus atá fostaithe ag an Údarás ó shin, nó atá ag fáil íocaíocht i bhfoirm eile ón Údarás, agus miondealú a thabhairt ar an líon sin ar bhonn gráid agus scála pá, an dtabharfaidh sé líon na mball foirne, más ann dóibh, a bhíodh ag obair don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a chuaigh ar scor agus atá fostaithe ag an Údarás ó shin, nó atá ag fáil íocaíocht i bhfoirm eile ón Roinn, agus miondealú a thabhairt ar an líon sin ar bhonn gráid agus scála pá; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52974/12]
Amharc ar fhreagra