Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 November 2012

Wednesday, 28 November 2012

Ceisteanna (4)

Michael P. Kitt

Ceist:

4. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta má éiríonn le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nó le Conradh na Gaeilge a bheith mar phríomheagraíocht sa réimse Ardú Feasachta agus Ionadaíocht faoin múnla nua atá molta ag Foras na Gaeilge an mbeidh deireadh á chur leis an eagras eile tar éis tréimhse 18 mí mar a míníodh ó bhéal d’eagrais na hearnála [53115/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (5 píosaí cainte)

I dtosach báire, ní mór dom a shoiléiriú go mbaineann an cheist seo leis an athbhreithniú atá ar bun ag Foras na Gaeilge ó mhí Aibreáin 2008 i ndáil leis an mbunmhaoiniú a thugtar do 19 n-eagraíocht ar mhaithe le seirbhísí a sheachadadh do phobal na Gaeilge. Tá 12 n-eagraíocht acu sin lonnaithe go príomha sa dlínse seo agus tá seacht n-eagraíocht acu sin lonnaithe ó Thuaidh. Ar ndóigh, mar ghníomhaireacht den chomhlacht forfheidhmithe Thuaidh-Theas, An Foras Teanga, tá Foras na Gaeilge freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas agus urraithe ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh.

Sa bhliain 2008, is amhlaidh go raibh Foras na Gaeilge ag cur 40% dá bhuiséad, is é sin €8 milliún, ar fáil don 19 n-eagraíocht bhunmhaoinithe. Bhí os cionn 50% den bhunmhaoiniú sin á chaitheamh ag na heagraíochtaí ar thuarastail amháin. Sa chomhthéacs sin, rinne bord Fhoras na Gaeilge cinneadh athbhreithniú seachtrach a dhéanamh ar an bhunmhaoiniú agus thacaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas leis an gcinneadh sin. Cuireadh an t-athbhreithniú seachtrach i gcrích le linn 2009. Léirigh na torthaí an mhí-éifeacht a bhaineann le seirbhísí a sheachadadh trí 19 n-eagraíocht do phobal na Gaeilge. Ó shin i leith, tá mionscagadh agus plé cuimsitheach déanta ar mhúnlaí eile a d'fhéadfaí a chur ar bun in ionad an chórais bhunmhaoinithe. Rinneadh é sin i gcomhairle leis an earnáil bhunmhaoinithe agus le páirtithe leasmhara eile.

Bhí próiseas comhairliúcháin poiblí i gceist fosta, ó Thuaidh agus ó Dheas, agus pléadh an dul chun cinn ag cruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas. San idirlinn, leanadh le bunmhaoiniú eatramhach a chur ar fáil don 19 n-eagraíocht - socrú atá le bheith i bhfeidhm go dtí 30 Meitheamh 2013. Is é an staid reatha ná gur chuir Foras na Gaeilge cás gnó lena mholtaí críochnúla, atá aontaithe ag an bhord, chuig na Ranna urraíochta an mhí seo caite. Tá na moltaí sin á mbreithniú ag an dá Roinn faoi láthair. Táthar ag súil go gcuirfear páipéar fúthu os comhair na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas ag an chéad chruinniú eile ar 12 Nollaig 2012. Tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí aon eolas breise a thabhairt go dtí go mbeidh plé déanta ar mholtaí críochnúla Fhoras na Gaeilge agus cinneadh tógtha ina leith ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Mar a dúirt sé, beidh cruinniú ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas ar 12 Nollaig seo chugainn. Cuirim fáilte roimh an gcruinniú sin. Táimid ag caint mar gheall ar múnla nua atá molta ag Foras na Gaeilge. Tá an tsamhail nua mhaoinithe caite amach, ar ndóigh. Cén rud nua atá sa mhúnla nua? An aontaíonn an tAire Stáit le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge go mbeidh sé an-deacair pleanáil a dhéanamh as seo amach?

Tá an t-athbhreithniú seo ag dul ar aghaidh le ceithre bliana anuas, ón bhliain 2008. Chuir siad plean úr i láthair sa bhliain 2009. Chuaigh siad i mbun teagmhála leis na heagraíochtaí seo arís de bharr comhráití, srl., a tharla ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Tá plean maoinithe úr molta ag Foras na Gaeilge. Tá an plean sin curtha faoi bhráid mo Roinne agus freisin faoi bhráid an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Ní shílim go mbeadh sé ceart, nó fiú indéanta, dul isteach sna moltaí seo go dtí go mbeidh siad pléite ag an gcruinniú a tharlóidh i gceann coicíse, ar 12 Nollaig seo chugainn. Os rud é go bhfuil freagracht ó Thuaidh agus ó Theas sa chomhthéacs seo - tá inchur ag an dá Rialtas - ba cheart dúinn fanacht go dtí go bhfuil an t-ábhar seo pléite agus cinneadh déanta. Is ag an am sin go mbeimid in ann na moltaí a chur in iúl don Teachta agus gach duine eile.

An dtuigeann an tAire Stáit go bhfuil dainséar ann go mbeidh iomaíocht idir eagraíochtaí ar nós Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge os rud é nach bhfuil aon rud i scríbhinn curtha ar fáil do na heagraíochtaí sin, nó don phobal, maidir leis an mhúnla nua maoinithe? Cathain a tharlóidh sé go mbeidh rud éigin scríofa ar fáil?

Mar a dúirt mé, níl an próiseas seo críochnaithe go fóill. Cuireadh na moltaí úra atá glactha ag bord an fhorais romhainn. Beidh siad á bplé ag an chéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas faoi cheann coicíse. Tuigim go bhfuil suim mhór ag na heagraíochtaí éagsúla atá ag saothrú ar son na Gaeilge le blianta fada ar cad é atá i ndán dóibh. Tá muidne ag iarraidh go mbeidh an luach is fearr ar na hacmhainní atáimid ag cur isteach sna heagraíochtaí deonacha á fháil againn nuair a bheidh an próiseas seo thart. Ba mhaith liom iad a mholadh as an obair atá déanta acu le blianta agus le glúinte anuas. Caithfimid amharc ar an ról a bheidh acu sna blianta amach romhainn. Caithfidh sé sin a bheith aontaithe ag leibhéal níos airde. Nuair a bheidh sé sin déanta - cibe cén uair - tiocfaimid ar ais anseo chun tuairisc a thabhairt don Teach.

Barr
Roinn