Faoi úinéireacht Chomhairle Chontae na Gaillimhe atá Cé Inis Oírr agus ise atá freagrach as í a réiteach agus a chothabháil.
Chuir mo Roinnse maoiniú ar fáil blianta roimhe seo faoi Chlár Forbartha Caipitil Infreastruchtúir Cósta agus Chuanta Iascaigh na Roinne d’fhorbairt ar scála beag agus do réiteach calafort, céanna agus fánán faoi úinéireacht na nÚdarás Áitiúil agus faoi réir dóthain maoinithe ón Státchiste a bheith ar fáil. I gcomhthéacs Chlár 2013, atá á bhreithniú faoi láthair, thug mé cuireadh le déanaí d’Údaráis Áitiúla atá lonnaithe ar an gcósta, Comhairle Chontae na Gaillimhe ina measc, iarratais a chur isteach, in ord tosaíochta, ar thionscadail a cháilíonn.
Tá roinnt tionscadal, lena n-áirítear ceann maidir le hoibreacha ag Cé Inis Oírr, curtha ar aghaidh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe anois. Tabharfaidh mo Roinn breithniú iomlán ar an iarratas seo faoi théarmaí an Chláir agus bunaithe ar mhaoiniú Státchiste a bheith ar fáil agus ar thosaíochtaí náisiúnta tríd is tríd.