Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 30 January 2013

Wednesday, 30 January 2013

Ceisteanna (50)

John Browne

Ceist:

50. D'fhiafraigh Deputy John Browne den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir leis na Pleananna Teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta, cén méid airgid a leithroinnfidh a Roinn i gcomhair Pleanáil Teanga sa Ghaeltacht [4457/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt do phleanáil teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, is faoi Údarás na Gaeltachta atá sé eagraíochtaí pobalbhunaithe a roghnú sna limistéir sin chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Ina theannta sin, is faoin Údarás atá sé faoin Acht cabhrú leis na heagraíochtaí sin i ndáil leis na pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhar leis an bpobal sna limistéir sin. Tuigtear dom go bhfuil an tÚdarás ag plé le heagraíochtaí éagsúla sna limistéir sin chun tús áite a thabhairt do chur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga ar an talamh.

Ar ndóigh, beidh orduithe agus rialacháin le síniú agamsa chun feidhm reachtúil a thabhairt do chuid 2 den Acht a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga. Tá na céimeanna cuí maidir leis an reachtaíocht thánaisteach seo idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair. Maidir le cúrsaí airgid, tá allúntas reatha de €3.4m ag Údarás na Gaeltachta do 2013 atá le caitheamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht agus, ach go háirithe, chun an próiseas pleanála teanga a fheidhmiú sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, tá allúntas reatha de thart ar €6.7m ag mo Roinn féin do 2013 atá le caitheamh sa Ghaeltacht ar mhaithe leis na críocha céanna. Ní miste a nótáil go bhfuil na figiúirí seo faoi réir na Meastachán Athbhreithnithe a bheith foilsithe agus faofa i dtráth cuí. Tá sé i gceist go mbainfear leas as an soláthar seo chun tús áite a thabhairt don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, i gcomhréir le hAcht na Gaeltachta agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Barr
Roinn