Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cóiríocht Cúirte

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 5 February 2013

Tuesday, 5 February 2013

Ceisteanna (639)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

639. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an bhfuil sé i gceist oifig na Cúirte Dúiche do dheisceart Chonamara a fhágáil oscailte; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5357/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, faoi fhorálacha an Achta um Sheirbhís Chúirteanna, 1998, is í an tSeirbhís Chúirteanna, atá neamhspleách i bhfeidhmiú a feidhmeanna, atá freagrach as bainistiú na gcúirteanna.

Chun cuidiú leis an Teachta, áfach, chuir mé fiosrúcháin á ndéanamh agus tá curtha in iúl dom ag an tSeirbhís Chúirteanna gur chinn an tSeirbhís le gairid an Oifig Chúirte Dúiche i nDeisceart Chonamara (Doire an Fhéich) a dhúnadh. Agus todhchaí na hoifige á breithniú aici, rinne an tSeirbhís roinnt roghanna a bhí ar fáil a mheasúnú ach ní fhéadfadh an tSeirbhís coinneáil na hoifige a chosaint. Dhéileáil an oifig le líon fíorbheag cásanna agus measadh gurbh í an rogha go ndéanfaí í a chónascadh leis an oifig chúirte i nGaillimh an rogha ab inmharthana.

Tuigtear dom go bhfuil comhionann is ball lánaimseartha foirne amháin ag an Oifig, le ball foirne eile ó oifig na Gaillimhe de bhreis air sin 2-3 lá sa tseachtain. Déanann an Bainisteoir Seirbhíse Cúirteanna atá bunaithe in oifig chúirte na Gaillimhe í a bhainistiú. Tá na cláraitheoirí a shuíonn i gcúirt i nDoire an Fhéich ar fostú ag oifig chúirte na Gaillimhe freisin. Tá curtha in iúl dom go ndearnadh breithniú iomlán ar shuíomh Gaeltachta na hoifige agus ar an ngá le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge don phobal áitiúil. Tá curtha in iúl dom ag an tSeirbhís gur deimhin leis an tSeirbhís go mbeidh Oifig na Gaillimhe in ann seirbhís chuimsitheach a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge do lucht úsáidte cúirte. Cuirtear seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge cheana féin in Oifig na Gaillimhe de réir mar is gá. Tuigtear dom go gcuirfidh ball foirne ó Ghaillimh seirbhís theoranta oifige ar fáil i nDoire an Fhéich le linn na laethanta nuair a bheidh an chúirt ina suí. Tá tugtha le fios ag an tSeirbhís go ndéanfar monatóireacht leanúnach air seo go ceann thréimhse trí mhí agus go mbreithneofar ansin an indéanta leanúint ag coinneáil na seirbhíse ar siúl bunaithe ar éileamh.

Barr
Roinn