Éamon Ó Cuív
Ceist:111. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an gcuirfidh sé na sonraí ar fáil maidir le gach conradh farantóireachta agus aeir atá ag a Roinn le seirbhísí a chur ar fáil chuig na hoileáin amach ón gcósta, maidir le hainm an oileáin, leis an gcuideachta a chuireann an tseirbhís ar fáil, leis an dáta a thiocfaidh an conradh chun deiridh agus leis an gcostas a bhaineann leis an gconradh sa bhliain 2013, agus na conarthaí a chur san áireamh a bhaineann le hoibriú na n-aerstráicí oileánda. [6487/13]
Amharc ar fhreagra