Maidir leis an Scéim Íocaíochta Aonair, bhí an t-iarratas ar cheann de roinnt iarratas a roghnaíodh lena scrúdú i ndáil le hinghlacthacht d'fhonn coinníollacha de chuid an AE a shásamh. Ba é toradh na cigireachta sin go bhfuarthas go ndearnadh rómhaíomh idir 3% agus 20% i ndáil leis an achar, agus laghdaíodh an íocaíocht, faoi rialacha agus coinníollacha na Scéime, dá thoradh sin. Cuireadh laghdú iomlán €281.99 i bhfeidhm i ndáil leis an rómhaíomh. Eisíodh íocaíocht €1,110.39 i ndáil leis an achar inghlactha ar an 7 Feabhra 2013 leis an gcuntas bainc a d'ainmnigh an t-iarratasóir. Cuireadh toradh na cigireachta in iúl don iarratasóir i litir dar dáta an 1 Feabhra 2013 chomh maith le heolas faoin gceart athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg. Is féidir achomharc a dhéanamh in am tráth a leis an Oifig Achomharc Talmhaíochta, atá neamhspleách, maidir le toradh an athbhreithnithe.
Faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012, éilítear go mbeadh coinníoll maidir le híosleibhéal dlús stocála 0.15 aonad beostoic á sásamh ar ghabháltas iarratasóirí inghlactha ar feadh tréimhse coinneála sé mhí as a chéile, chomh maith le cloí le meánleibhéal bliantúil 0.15 aonad beostoic arna ríomh ar feadh dhá mhí dhéag bhliain na scéime. Ó tharla nach bhfuil deimhnithe gur sásaíodh íoschoinníollacha na scéime maidir le dlús stocála ar ghabháltas an té a ainmnítear, níl aon íocaíocht dlite faoi Scéim na bliana 2012.