Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 March 2013

Thursday, 7 March 2013

Ceisteanna (205)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

205. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar deontas a íoc faoi scéim na limistéar faoi mhíbhuntáiste le feirmeoir i mo dháilcheantar (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12099/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi Scéim Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012, éilíodh ar na gabháltais d'iarratasóirí incháilithe an t-íosdlús stocála de 0.15 aonad beostoic a chomhlíonadh ar feadh tréimhse coinneála de shé mhí chomhleanúnacha, chomh maith le meánaonad beostoic bliantúil de 0.15 a choimeád atá ríofa thar tréimhse 12 mhí de bhliain na Scéime. Ós rud é nár léirigh an t-iarratasóir go fóill go gcomhlíonann an gabháltas riachtanais íosdlúis stocála na scéime i leith Scéim 2012.

Barr
Roinn