Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 March 2013

Wednesday, 13 March 2013

Ceisteanna (28)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

28. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an Straitéis Fiche Bliain; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12971/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na Straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, tá obair leanúnach ar siúl chun raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm taobh istigh de na hacmhainní ar fáil. Cé go bhfuil an fhreagracht fhoriomlán ar mo Roinn don Straitéis, tá mo Roinn ag obair as lámha a chéile le páirtithe leasmhara na Straitéise, lena n-áirítear an Roinn Oideachais agus Scileanna, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.

Tugadh faoi chéim an bhunaithe den Straitéis a chur i gcrích in 2011 nuair a díríodh ar dhaoine a chur ar an eolas faoin Straitéis agus ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil. Tugadh tús áite do ghnóthaí reachtaíochta in 2012 le hAcht na Gaeltachta a thugann bunús reachtúil do chóras pleanála teanga, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, agus a thugann ról lárnach sa phleanáil teanga d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge.

Mar thoradh ar an obair atá ar siúl ag mo Roinn le páirtithe leasmhara na Straitéise, táthar ag súil go mbeidh na páirtithe sin ag foilsiú a gcuid pleananna forfheidhmithe faoin Straitéis níos moille i mbliana. Ina theannta sin, tá sé i gceist tuarascáil a fhoilsiú níos moille i mbliana maidir leis an dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis go dáta.

Barr
Roinn