Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oifig an Choimisinéara Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 March 2013

Wednesday, 13 March 2013

Ceisteanna (33)

Seán Crowe

Ceist:

33. D'fhiafraigh Deputy Seán Crowe den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin gcónascadh atá beartaithe idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman; cad iad impleachtaí an chinnidh sin d’fhostaithe Oifig an Choimisinéara; agus an leagfaidh sé amach na hathruithe atá beartaithe sna míonna atá amach romhainn. [13093/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 5 ar 30 Eanáir 2013 ar an ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa fhreagra sin, tógadh cinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman mar chuid de réimse gníomhartha athchóirithe faoi Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí a foilsíodh i mí na Samhna 2011. Tar éis don Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar 31 Deireadh Fómhair 2012 ar an dul chun cinn faoin bplean, d'aontaigh an Rialtas réimse gníomhartha athchóirithe atá le cur i bhfeidhm.

Mar chuid den chur chuige sin, cé go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le cónascadh le hOifig an Ombudsman, féachfar chuige go leanfaidh Coimisinéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú cumhachtaí reatha an Choimisinéara Teanga go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tá mo Roinnse i mbun plé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir leis na chéad céimeanna eile chun an chónascadh seo a chur i bhfeidhm agus breathnófar ar aon cheisteanna ábhartha maidir le foireann Oifig an Choimisinéara Teanga i gcomhthéacs an phlé sin.

Barr
Roinn