Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 April 2013

Tuesday, 16 April 2013

Ceisteanna (418)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

418. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna ar réitíodh plean gnó maidir leis na liúntais as múineadh trí Ghaeilge agus múineadh sa Ghaeltacht lena chur chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; murar réitíodh cén fáth nár réitíodh; agus má réitíodh cén uair a cuireadh chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é; cén toradh nó aisfhreagra a fritheadh air; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16618/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cuireadh cás Gnó maidir le liúntais a íoctar le múinteoirí, agus an Liúntas um Mhúineadh trí Ghaeilge agus Deontas na Gaeltachta san áireamh, faoi bhráid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar chuid den Athbhreithniú ar Liúntais na hEarnála Poiblí agus Íocaíochtaí Préimhe i 2012. Foilsíodh an cás gnó seo ar shuíomh gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Scríobh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chuig mo Roinn ar an 4 Deireadh Fómhair 2012 ag tabhairt le fios go raibh Cinneadh Rialtais déanta na liúntais seo a chur ar ceal do thairbhithe nua le feidhm ón 1 Feabhra 2012 agus go raibh athbhreithniú le déanamh ar na liúntais do thairbhithe reatha. Tá cóip den litir seo ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Barr
Roinn