Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Polasaí Iontrála Gaelscoileanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 1 May 2013

Wednesday, 1 May 2013

Ceisteanna (102)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

102. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cé mhéid gearán atá faighte ag a Roinn ó ceapadh é mar Aire Oideachais faoi pholasaí iontrála na nGaelscoileanna agus go mórmhór faoi scoileanna a thugann tosaíocht do pháistí a bhfuil an Ghaeilge acu ón gcliabhán; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20568/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá sé de fhreagracht ar na húdaráis bhainistíochta sna scoileanna go léir polasaí rollaithe a chur i bhfeidhm de réir an Acht Oideachais, 1998. Ina leith seo, is féidir nach mbeidh an dara rogha ag Bord Bainistíochta gan ach páistí d'aois ar leith nó as ceantar ar leith a rollú nó, ó am go chéile, critéar de shaghas éigin eile a chur i bhfeidhm. Faoi na scoileanna féin atá sé a shocrú céard iad na critéir a chuirfidh siad i bhfeidhm i dtosca dá leithéid. Ní mór an próiseas roghnaithe seo agus an polasaí rollaithe ar a bhfuil sé bunaithe a bheith neamh-idirdhealaitheach agus ní mór iad a chur i bhfeidhm go cothrom i leith na n-iarratasóirí go léir. Go hiondúil déileáltar le gearáin i dtoabh scoileanna ag leibhéal na scoile áitiúla. Bíodh is go soláthraíonn an tAire Oideachais agus Scileanna maoiniú agus treoir polasaí do scoileanna níl cumacht agam féin ná ag mo chuid oifigeach chun gearáin aonair a iniúchadh, ach amháin sa chás go mbaineann an gearán le rollú a diúltaíodh, le heisiamh nó le cur ar fionraí, de réir Ailt 29 den Acht Oideachais, 1998.

Áit a ndiúltaíonn scoil dalta a rollú, tá sé de dhualgas ar an scoil tuismitheoirí a chur ar an eolas i dtaobh an chirt atá acu faoi Alt 29 den Acht Oideachais, 1998 an cinneadh sin a achomharc chuig an gCoiste Gairmoideachais cuí nó chuig Ard-Rúnaí mo Roinnse. Ní choimeádann mo Roinnse sonraí maidir le líon na ngearán faoi Alt 29 a rinneadh go sainiúil de bharr gur thug scoil tosaíocht do pháistí a bhfuil Gaeilge ón gcliabhán acu.

Mar is eol don Teachta, d'fhógair mé ag Comhdhálacha Chumann na Múinteoirí go mbeidh mé ag tabhairt dréachtcheannteidil de bhille chun an Rialtais go gairid – An Bille Oideachais (Iontráil ar Scoil), 2013. Iarrfaidh mé cead an Bille a fhoilsiú mar dhréacht chun go mbeidh deis ar phlé iomlán poiblí ann, ar a n-áireofar ionchuir ó Chomhchoiste an Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialta agus ó na comhpháirtithe oideachais. Tá fúm chomh maith dréachtrialacháin a fhoilsiú a bhfuil beartaithe agam iad a dhéanamh nuair a bheidh an Bille achtaithe.

Ag tabhairt na dtograithe seo ar aghaidh dom, níl sé ar intinn agam cur isteach gan gá ar an mbealach a ndéanann na scoileanna a ngnó. Tá sé mar aidhm polasaí agam a chinntiú go gcaitear go cothrom le gach páiste agus go ndéanann na scoileanna cinneadh faoi iarratais i mbealach atá struchtúrtha, cothrom agus trédhearcach. Ós rud é go bhfoilseofar an Bille agus na Rialacháin mar dhréachtaí, déanfar an-chuid mionscrúdaithe orthu sula rithfear le bheith ina ndlí iad. Beidh mé ag machnamh go cúramach ar na tuairimí a chuirfear in iúl le linn an phróisis comhairlithe chun a chinntiú go mbaineann siad amach an chothromaíocht chuí idir neamhspleáchas na scoileanna agus cothroime inár gcóras oideachais.

Barr
Roinn