Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Aeir

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 15 May 2013

Wednesday, 15 May 2013

Ceisteanna (182)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

182. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil i gceist aige Staidéar Socheacnamaíoch a thionscnamh le tábhacht na seirbhísí aeir go dtí Oileáin Árann a scrúdú; má tá cén uair a cheapfar comhairleoirí leis an staidéar a dhéanamh; cén uair a bheadh súil an staidéar a bheith críochnaithe; cé na téarmaí tagartha a bhainfidh leis an staidéar; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23289/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Táthar i mbun ullmhúcháin faoi láthair chun téarmaí tagartha don staidéar a réiteach agus chun comhairleoirí a cheapadh chun tabhairt faoin staidéar. Tá súil tús a chur leis an staidéar go luath.

Barr
Roinn