Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 23 ar 30 Bealtaine 2013 faoin ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa fhreagra sin,
beidh cinneadh le tógáil faoi dheireadh na bliana 2015 faoi thodhchaí an mhaolaithe atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus beidh an cheist seo le breithniú ag an Rialtas in am trátha.
Idir an dá linn, táthar ag obair leis na hinstitiúidí Eorpacha ar bhonn leanúnach chun a chinntiú go mbeidh dóthain foirne cáilithe fostaithe sna hinstitiúidí chun freastal ar na riachtanais a bhaineann le stádas na Gaeilge san Eoraip. Mar thacaíocht don aidhm seo, tá céimeanna tógtha ag mo Roinn le roinnt blianta anuas chun maoiniú a chur ar fáil do réimse cúrsaí tríú leibhéal ábhartha agus d’fhorbairt na téarmaíochta Gaeilge.