Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 376 ar 18 Iúil 2013 ar an ábhar seo. Mar atá ráite i gClár Reachtaíochta an Rialtais, táthar ag súil Bille a fhoilsiú i mbliana ina ndéanfar foráil do na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinn faoi láthair chun Cinn an Bhille seo a dhréachtú agus táthar ag súil na dréacht-Chinn a chur faoi bhráid an Rialtais a luaithe agus is féidir.
Déanfaidh an Bille foráil do na leasuithe ar an Acht Teanga ag eascairt as an athbhreithniú ar an Acht, mar a bhí sonraithe i gClár an Rialtais. Ina theannta sin, déanfaidh an Bille foráil do na leasuithe ar an Acht Teanga ag eascairt as an gcinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhcheangal le hOifig an Ombudsman, mar a bhí sonraithe i bPlean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí.
Tá sé i gceist agam torthaí an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú ar an Acht a fhoilsiú in am trátha i dteannta le Cinn an Bhille. Mar atá curtha in iúl agam cheana, fuarthas tuairim is 1400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí.