Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Bord Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 October 2013

Tuesday, 15 October 2013

Ceisteanna (182)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

182. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil céim i bpleanáil teanga ag aon duine de na comhaltaí a cheap sé ar bhord Údarás na Gaeltachta. [43541/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ní miste dom a mhíniú nach raibh an cháilíocht atá luaite ag an Teachta ar cheann de na riachtanais a bhí sonraithe san fhógra poiblí a rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar son mo Roinne i mí Iúil 2012, inar lorgaíodh léirithe spéise ó dhaoine a raibh suim acu i gceapacháin chuig bord Údarás na Gaeltachta. Dá bhrí sin, ní raibh aon ghá d'iarratasóirí an t-eolas sin a chur ar fáil.

Mar chuid den phróiseas roghnaithe, tugadh cuireadh do dhaoine sonraí a thabhairt maidir lena gcuid fostaíochta agus a gcuid cáilíochtaí acadúla chomh maith le léargas a thabhairt maidir lena gcumas in inniúlachtaí ar leith, lena n-airítear:

- cur chun cinn na Gaeilge agus pleanáil teanga;

- forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta;

- forbairt pobail; agus

- cur chun cinn na n-ealaíon.

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil réimse leathan taithí, scileanna agus cáilíochtaí ag na comhaltaí atá ceaptha ar an mbord, lena n-áirítear an phleanáil teanga, cé nach féidir liom a dheimhniú go bhfuil céim sa phleanáil teanga i gceist in aon chás i gcomhthéacs an méid atá ráite agam.

Barr
Roinn