Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pobail Oileáin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 October 2013

Tuesday, 22 October 2013

Ceisteanna (90)

Pádraig MacLochlainn

Ceist:

90. D'fhiafraigh Deputy Pádraig Mac Lochlainn den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh aon phlé aige leis an Roinn Oideachais maidir leis na dúshláin ar leith atá ann do scoileanna ar oileáin agus, go háirithe, na himpleachtaí a bheadh ann do phobail na n-oileán i gcás go ndúnfaí scoileanna. [44221/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is ar an Aire Oideachais agus Scileanna go príomha atá an fhreagracht maidir le scoileanna ar oileáin. Ar ndóigh, tá mé ar an eolas faoi na dúshláin ar leith a bhíonn ag scoileanna dá leithéid agus bíonn teagmháil rialta ag mo Roinnse leis an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis na cúrsaí seo.

Barr
Roinn