Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 October 2013

Tuesday, 22 October 2013

Ceisteanna (98)

Caoimhghín Ó Caoláin

Ceist:

98. D'fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain atá sé i gceist ag an Aire ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla agus na haighneachtaí a fuair a Roinn i dtaobh an Bhille sin a fhoilsiú. [44225/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar atá léirithe i gClár Reachtaíochta an Rialtais, táthar ag súil Bille a fhoilsiú in 2014 ina ndéanfar foráil do na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinn faoi láthair chun Cinn an Bhille seo a dhréachtú agus táthar ag súil na dréacht-Chinn a chur faoi bhráid an Rialtais a luaithe agus is féidir.

Déanfaidh an Bille foráil do na leasuithe ar an Acht Teanga ag eascairt as an athbhreithniú ar an Acht, mar a bhí sonraithe i gClár an Rialtais. Ina theannta sin, déanfaidh an Bille foráil do na leasuithe ar an Acht Teanga ag eascairt as an gcinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhcheangal le hOifig an Ombudsman, mar a bhí sonraithe i bPlean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí .

Tá sé i gceist agam torthaí an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú ar an Acht a fhoilsiú in am trátha i dteannta le Cinn an Bhille.

Barr
Roinn