Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Feirmeoireacht Éisc

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 27 November 2013

Wednesday, 27 November 2013

Ceisteanna (171)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

171. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara ag éirí as an bhfreagra a thug sé dom ar cheist 46509/13 an 5 Samhain 2013, an bhfuil cead ag aon chomhlacht bradáin a chur i gcliabhán éisc i gCuan Chill Chiaráin faoi láthair; agus mura bhfuil, an bhfuil sé i gceist aige stop a chur leis an obair atá ar bun le seachtain anuas ag cur éisc i gcliabháin sa gcuan [51035/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tuigtear do mo Roinn go bhfuil an ghníomhaíocht dhobharshaothraithe a tharla le déanaí i gCuan Chill Chiaráin dá dtagraíonn an Teachta ag cloí le toilithe dobharshaothraithe i seilbh oibritheoir ceadúnaithe. Más mian leis an Teachta faisnéis níos mionsonraithe a chur ar fáil beidh mo Roinn sásta an t-ábhar a scrúdú tuilleadh.

Barr
Roinn