Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Togra Caomhantais

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 3 December 2013

Tuesday, 3 December 2013

Ceisteanna (203)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

203. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige ceanncheathrú thogra Aran LIFE a lonnú ar Inis Meáin de bharr an tsaibhris nádúrtha oidhreachta atá ar an oileán, an bhánaithe atá ag tarlú don oileán, agus go bhfuil an spás oifige ar fáil ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [51525/13]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is togra taispeána é an togra Aran LIFE+ a chuirfear i bhfeidhm ar na hOileáin Árann thar thréimhse ceithre bliana ó 2014 go 2017. Tá mo Roinnse ag feidhmiú mar thairbhí comhordúcháin don togra.

Is cúram é don Choiste Stiúrtha atá ag feidhmiú faoi mo Roinnse, i gcomhar leis an bhfoireann de thriúr atá le ceapadh don togra go luath, socruithe a dhéanamh maidir le ceanncheathrú na foirne togra ar na hOileáin Árann. Agus an rogha sin á dhéanamh, glactar leis go mbeidh riachtanais an togra féin á gcur san áireamh mar thosaíocht ag an gCoiste Stiúrtha.

Barr
Roinn