Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim Aoníocaíochta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 15 January 2014

Wednesday, 15 January 2014

Ceisteanna (659)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

659. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth nach bhfuil íocaíocht faoin Scéim Íocaíochta Aonair déanta do 2013 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo), cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1129/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl aon taifead ag mo Roinn ar iarratas faoin Scéim um Limistéir faoi Mhíbhuntáiste/Scéim na hAoníocaíochta 2013 a fháil ón duine ainmnithe.

Bhí clúdach litreach réamhsheolta le lipéad Swiftpost greamaithe air in éineacht le gach iarratas ar an Scéim Íocaíochta Aonair a sheol mo Roinn amach in 2013 agus faigheann an t-úinéir tréada admháil ó Oifig an Phoist nuair a sheolann sé/sí é. Más féidir leis an duine ainmnithe cruthúnas postais nó cruthúnas ar phost cláraithe a sholáthar nó míniú cuí-réasúnaithe a thabhairt, déanfaidh mo Roinn athbhreithniú ar an gcás bunaithe ar an eolas agus an gcáipéisíocht a chuirtear isteach.

Barr
Roinn