I dtús báire, ní miste dom a rá go bhfuil mo Roinnse airdeallach go bhfuil éileamh ann gur chóir go mbunófaí struchtúr ar leith le cinntiú go mbeidh ról lárnach ag na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge . Tá mo Roinnse airdeallach fosta go bhfuil athruithe i ndán d'earnáil na n-eagraíochtaí Gaeilge faoi na socruithe nua maoinithe atá á gcur i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge faoi láthair.
Mar is eol don Teachta, reáchtáil mo Roinn seimineár i mí Dheireadh Fómhair 2013 chun deis a thabhairt do na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta léargas a fháil ó mo Roinnse, ó Fhoras na Gaeilge agus ó Údarás na Gaeltachta faoin obair atá idir lámha againn faoin Straitéis
agus faoin bpróiseas pleanála teanga. Is deis éisteachta a bhí ann chomh maith do mo Roinnse, don Údarás agus don Fhoras a chuideoidh le comhthuiscint a chothú idir na páirtithe éagsúla ar an ábhar seo. Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil na moltaí a tháinig ón seimineár á meas go cúramach i láthair na huaire i gcomhthéacs na n-athruithe ar earnáil na n-eagraíochtaí Gaeilge atá luaite agam.
Mar thoradh ar Acht na Gaeltachta 2012, ní miste dom a rá go bhfuil ról níos lárnaí ná riamh ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus ag na heagraíochtaí pobail a fheidhmíonn thar a gceann, i gcur i bhfeidhm na Straitéise tríd an phróiseas pleanála teanga ar an talamh.
Mar a thuigfidh an Teachta, níl aon ról agam i ndáil leis an dréacht Straitéis don Ghaeilge ó Thuaidh atá idir lámha ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta. Tuigtear dom go bhfuil sé i gceist ag mo chomhghleacaí, an tAire Ní Chuilín, Straitéis Ghaeilge a chur os comhair Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann i gcomhréir leis an ngealltanas i gClár an Rialtais ó Thuaidh.