Mar is eol don Teachta, is tríd an bpróiseas meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus go deimhin do na Ranna Rialtais go léir. Tuigfidh an Teachta mar sin nach bhféadfainn aon bharántas a thabhairt maidir leis an mbuiséad a bheidh ar fáil do mo Roinnse, nó d'aon chomhlacht poiblí a thagann faoi scáth mo Roinne, in 2015 nó sna blianta ina dhiaidh sin.
Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, is eol don Teachta, ní foláir, gur cuireadh allúntas speisialta €0.5m ar fáil ina leith i gCáinasinéis 2014. Is léiriú follasach é seo ar chur i bhfeidhm an ghealltanais i gClár an Rialtais a deir go dtacóidh an Rialtas leis an Straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh. Níl amhras ach go gcuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla a thacóidh leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh.