Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pátrúnacht Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 January 2014

Thursday, 30 January 2014

Ceisteanna (54)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

54. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais agus Scileanna an gcuirfidh sé in iúl cén uair a bhí teagmháil i scríbhinn idir oifigigh a Roinne agus an bord bainistíochta, an Foras Pátrúnachta nó eile maidir le suíomh do Ghaelcholáiste an Phiarsaigh a bhfuiltear fós ag fanacht ar dheimhniú go mbeidh suíomh sealadach ann dó chun go bhféadfar na doirse a oscailt i mí Mheán Fómhair na bliana seo. [4672/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá mo Roinnse i gcomhairle leanúnach le Pátrún na scoile i gceist maidir le cóiríocht thosaigh di do mhí Mheán Fómhair 2014. Tionóladh an cruinniú is deireanaí aici leis an bPátrún ina leith seo ar 22 Eanáir i mbliana. Is é seo an bealach cuí cumarsáide. Is gnó don Phátrún é an Bord Bainistíochta a choinneáil ar an eolas. Maidir le suíomh buan an Ghaelcholáiste, táthar tar éis roinnt roghanna a shainaithint agus tá siad seo á gcur chun cinn. Tá caibidlíocht ar siúl i gcónaí agus dá bhrí sin, i bhfianaise na n-íogaireachtaí a bhaineann le héadáil talún, nílim in ann aon ráiteas eile a thabhairt ag an dtráth seo.

Barr
Roinn