Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cruthú Fostaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 11 February 2014

Tuesday, 11 February 2014

Ceisteanna (341)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

341. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuair sé féin nó an tAire Stáit sa Roinn cuireadh chuig an fhógairt post i gCorr na Móna, Co. na Gaillimhe ar 3 Feabhra 2014; má fuair, ar lorg siad comhairle Arc Heart i dtaobh freastal ar an ócáid; cén chomhairle a cuireadh orthu; cén fáth nach raibh ceachtar acu i láthair ag ócáid chomh tábhachtach sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6875/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I dtús báire, is mian liom a shoiléiriú don Teachta go raibh cuireadh faighte agam ón gcomhlacht atá i gceist a bheith i láthair le fógra a dhéanamh faoi na poist atá le cruthú acu i gCorr na Móna, Co. na Gaillimhe le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Go deimhin, bhí glactha agam go fonnmhar leis an gcuireadh sin. B’éigean dom áfach an socrú sin a chur ar ceal de bharr cúinsí pearsanta agus bhí sé seo curtha in iúl don chomhlacht roimh ré. An méid sin ráite, ní miste dom a rá go bhfuil áthas orm go raibh ar chumas Údarás na Gaeltachta tacaíocht a chur ar fáil don chomhlacht le tabhairt faoina phleananna forbartha. Táim sásta ach go hairithe go gcabhróidh na deiseanna fostaíochta a thiocfaidh as an bhfiontar seo go mór leis an gceantar sin agus go deimhin leis an gceantar Gaeltachta máguaird.

Barr
Roinn