Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cruthú Fostaíochta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 April 2014

Thursday, 17 April 2014

Ceisteanna (5)

Peadar Tóibín

Ceist:

5. Deputy Peadar Tóibín asked the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén sprioc cruthaithe fostaíochta atá ag Údarás na Gaeltachta do 2014 agus cé mhéad post a chruthaigh siad sa chéad cheathrú. [18229/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (7 píosaí cainte)

Tá rudaí uafásach deacair ag an mbomaite seo sa Ghaeltacht mar gheall ar chúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta. Mar is eol don Aire Stáit, cailleadh 140 post i nGaoth Dobhair i nDún na nGall cúpla seachtain ó shin. Thart timpeall na nGaeltachtaí ar fad, tá géarchéim fostaíochta anois. Ní thugann na meáin mórán airde ar chomhlachtaí Gaeltachta ag an mbomaite seo agus táim ag iarraidh go dtabharfaidh an Rialtas níos mó airde do chúrsaí fostaíochta sna Gaeltachtaí.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gurb é an sprioc fostaíochta atá ag an eagraíocht do 2014 ná 520 post nua a chruthú. Tuigim ón údarás fosta go bhfuil siad sásta tar éis na chéad ráithe go mbainfear an sprioc fostaíochta sin amach. Ós rud é go ndéanann an t-údarás suirbhé fostaíochta ar bhonn bliantúil, níl an líon post a cruthaíodh sa chéad ráithe den bhliain ar fáil go fóill. Foilsíonn Údarás na Gaeltachta a chuid figiúirí fostaíochta i dtús na bliana nua, figiúirí a dheimhnítear ina thuarascáil bhliantúil.

Ar deireadh, is fiú a rá gur cruthaíodh 616 post nua in 2013 i gcliantchuideachtaí de chuid an údaráis sa Ghaeltacht. Ag deireadh na bliana sin, bhí 7,650 post i gcliantchuideachtaí de chuid an údaráis, lena n-áirítear 6,970 post lánaimseartha agus 680 post páirtaimseartha.

Tá a fhios againn ar fad go gcailltear poist chomh maith. Bhí líon na bpost a chailleadh le linn 2013 níos ísle ná le blianta fada.

Tá fadhbanna ollmhóra ann agus tá ganntanas post ar an talamh. Ó na figiúirí ar tugadh dúinn, níor chruthaíodh ach 96 post úr san iomlán sna Gaeltachtaí an bhliain seo caite. Tá sin dochreidte nuair a smaoiníonn muid go bhfuil muid i lár na géarchéime eacnamaíochta is measa ar feadh glúine.

Ní féidir an milleán iomlán a chur ar an údarás faoi seo. Níl an t-infreastruchtúr sna Gaeltachtaí, níl na bóithre ann, níl an leathanbhanda ann. Tá easpa foirgneamh ann le haghaidh comhlachtaí nua agus níl an t-airgead ann. Tá buiséad an údaráis tar éis titim 68% ó 2008 go dtí 2012 agus tá sé fós ag titim faoi cheannaireacht an Aire Stáit. Léiríonn sin an easpa airde agus tábhachta atá ag an Rialtas ar chúrsaí eacnamaíochta sa Ghaeltacht ag an mbomaite seo.

Ba mhaith liom freagra a thabhairt ar sin. Uimhir a haon, d'éirigh linn an deontas caipitil, is é sin an deontas a úsáidtear chun fostaíochta a chruthú sna Gaeltachtaí, a choinneáil ag timpeall €6 mhilliún le ceithre bliana anuas. Is fíor, mar a dúirt an Teachta, gur tháinig titim mhór ar bhuiséad chaipitil Údarás na Gaeltachta. Sa bhliain 2008, bhí buiséad de €26 milliún ann. Sa bhliain 2009, bhí sé anuas go dtí €16 mhilliún. Sa bhliain 2010, bhí sé anuas go dtí €10 milliún agus sa bhliain 2011, nuair a tháinig mise isteach san oifig seo, bhí sé ag €6 mhilliún agus d'éirigh linn é sin a choinneáil.

Sin ráite, caithfidh mé a rá go bhfuil mé thar a bheith sásta go bhfuil obair an-éifeachtach ar siúl ag an údarás leis na hacmhainní teoranta atá acu. Tá 616 post cruthaithe acu agus cruthaíodh níos mó post ná mar a chailleadh. Is dul chun cinn mór é sin. Rinne an Teachta tagairt don mhonarcha i mo cheantar féin - Largo Foods. Tá sé fíor go bhfuil muid ag cailleadh 140 post i gceantar Gaeltachta. Dála an scéil, tá poist á dtairiscint do 70 de na daoine sin, teacht agus obair i gCill Dhéagláin i gContae na Mí. B'fhearr liom dá mbeadh na poist sin sa Ghaeltacht, ach beidh post ansin ag duine ar bith de na daoine sin atá ag iarraidh é a ghlacadh.

Tá grúpa oibre curtha ar bun ag Údarás na Gaeltachta, Enterprise Ireland, an IDA, SOLAS, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Comhairle Contae Dhún na nGall atá ar bun le coicís anois agus tá súil agam go mbeidh sé in ann díriú isteach ar an easnamh a fágadh nuair a chailleadh na poist sin i mo cheantar féin. Ar an iomlán, sílim go bhfuil an t-údarás ag déanamh a dhíchill. Blianta ó shin, bhíomar ag cailleadh níos mó post ná mar a bhíomar ag cruthú ach, ar a laghad anuraidh, chruthaíodh níos mó post ná mar a chailleadh.

Tá an ceart ag an Aire Stáit. Scrios Fianna Fáil an buiséad agus níl dabht ar bith faoi sin, ach tá an Rialtas ag glacadh leis an baton go huile agus go hiomlán agus ag déanamh an ruda céanna.

An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit cé mhéad duine atá dífhostaithe sa Ghaeltacht? Cé mhéad duine atá tar éis dul ar imirce ón Ghaeltacht ó tá an tAire Stáit ina Aire Stáit? Ba cheart go mbeadh an t-eolas tábhachtach sin ar fáil dúinn go léir. Cad atá á dhéanamh ag an Rialtas maidir le rátaí gnó? Cén tionchar atá in úsáid ag an Aire Stáit ag an gCaibinéad chun rátaí gnó a ísliú nó a riar? Cad atá á dhéanamh maidir le costais breosla, costais arda atá ag cur isteach ar chomhlachtaí Gaeltachta thart timpeall na tíre? Cad atá á dhéanamh chun saol chomhlachtaí Gaeltachta a dhéanamh níos éasca.

Ba mhaith liom rud beag a rá i dtaobh na ndaoine atá ag teacht go Cill Dhéagláin. Is rud uafásach é gur chaill siad a bpoist i nGaoth Dobhair. Beidh na daoine seo ag teacht go Contae na Mí i gceann míosa nó dhó. An bhfuil an tAire Stáit sásta oibriú leis na daoine sin agus iad a spreagadh cur fúthu i gceachtar den dá Ghaeltacht i gContae na Mí? Nach mbeadh sé iontach dá mbeadh na teaghlaigh sin fós in ann a bheith ina gcónaí i nGaeltacht agus a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge agus beocht nua a chur sna Gaeltachtaí i gContae na Mí freisin? An mbeidh an tAire Stáit sásta obair a dhéanamh a deis sin a thapú?

Is smaoineamh suimiúil é sin. Tá eolas agam ar na Gaeltachtaí i gContae na Mí: i mBaile Ghib agus i Rath Chairn. Tá a fhios agam gur tharla seo roimhe seo, gur cailleadh poist sa tionscal seo agus gur tugadh daoine as Tír Chonaill agus gur thosaigh siad ag obair i gContae na Mí. Sílim go gcaitheann siad trí lá sa tseachtain i gContae na Mí, i gCill Dhéagláin, agus go dtéann siad abhaile an chuid eile den tseachtain. Ach nuair atá deireadh ráite, sílim gur mhaith leis na daoine seo a bheith ina gcónaí ina gceantar féin, i gceantar Ghaoth Dobhair. Nílimid ag iarraidh daoine le Gaeilge a chailleadh as an gceantar sin ach oiread.

Bíonn daoine ag taisteal i rith na seachtaine. Maireann an shift 12 uair ar feadh 3 lá agus tá na daoine ábalta dul ar ais. Tá an comhlacht ag tabhairt tacaíochta dóibh maidir le costas tacsaí agus costas eile, agus molaim an comhlacht as sin. Más rud é go bhfuil daoine a thagann aníos agus a shocraíonn ar chónaí go buan lena dteaghlaigh i gContae na Mí, is smaoineamh an-suimiúil é.

B'fhéidir gur plantation nua a bheadh i gceist.

Barr
Roinn