Tá Coiste Stiúrtha bunaithe ar a bhfuil ionadaíocht ó na páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear mo Roinn féin, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae na Gaillimhe, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Fáilte Éireann, chun an togra seo a stiúradh le cinntiú go mbeidh sé curtha i gcrích laistigh den amscála atá beartaithe. Chuige sin tá na céimeanna cuí, a bhaineann go príomha le cúrsaí pleanála, cúrsaí suímh agus nithe gaolmhara eile, á dtógáil faoi láthair chun an togra a bhrú chun cinn. Tá €0.5m curtha ar fáil i Vóta mo Roinne i mbliana don togra seo agus táim ag súil go mbeidh maoiniú dóthanach ar fáil don togra idir na páirtithe leasmhara éagsúla. Ní miste dom a rá fosta nach bhfuil aon mhoill leis an obair seo ach go bhfuil lán comhoibriú agus lán tacaíocht ann ó na páirtithe leasmhara éagsúla le cinntiú go gcuirfear an togra i gcrích in am do chomóradh 100 bliain Éirí Amach 1916.