Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An tSeirbhís Chabhlaigh

Dáil Éireann Debate, Thursday - 15 May 2014

Thursday, 15 May 2014

Ceisteanna (161)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

161. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cosanta an bhfuil sé i gceist aige athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an iar-Aire Cosanta gan ainmneacha Gaeilge a thabhairt ar an dá bhád nua cabhlaigh atá á gceannach ag na Fórsaí Cosanta agus an bhfuil sé i gceist aige, ag cur na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i gcuntas, beartas na Roinne i leith na ceiste seo a athrú ar ais go dtí an beartas a bhí ann roimhe seo maidir le báid chabhlaigh a ainmniú [22011/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ba mhaith liom a dheimhniú don Teachta go ndéantar úsáid na Gaeilge ag an Roinn Cosanta agus ag Óglaigh na hÉireann a chothú i gcónaí.

Maidir le hainmniú an dá long nua ag an tSeirbhís Chabhlaigh, bhíothas den tuairim gurbh thráthúil athrú a dhéanamh maidir leis an gcur chuige traidisiúnta ionas go léireofaí Éire níos nua-aimseartha uilechuimsithí. Éascófar, le hainmniú na long as pearsaí litríochta de chuid na hÉireann a bhfuil iomrá orthu ar fud an domhain, d'aitheantas níos mó don tSeirbhís Chabhlaigh agus iad i mbun feidhme i gcúrsaí mara idirnáisiúnta agus ar cuairt i gcalafoirt thar lear.

Barr
Roinn