I dtús báire, ní miste dom a mheabhrú don Teachta gur chinn an Rialtas deiridh an soláthar airgid don Údarás ón Státchiste a laghdú ó €32.915m in 2010 go €19.6m in 2011 – laghdú de bhreis ar 40% in aon bhliain amháin. Don tréimhse 2011-2014, tá oll-laghdú de bheagnach 11% curtha i bhfeidhm ar bhuiséad an Údaráis, sa réimse riaracháin go príomha. Tá briseadh síos do na blianta sin léirithe sa tábla thíos.
Bliain
|
Caipiteal
€m
|
Reatha (Riarachán)
€m
|
Reatha (Teangabhunaithe)
€m
|
Iomlán
€m
|
2011
|
6.0
|
10.3
|
3.3
|
19.6
|
2012
|
5.938
|
9.871
|
3.273
|
19.082
|
2013
|
6.0
|
9.009
|
3.4
|
18.409
|
2014
|
5.687
|
8.798
|
3.0
|
17.485
|
Mar is eol don Teachta, cuirtear leis an soláthar airgid ón Státchiste le hioncam an Údaráis óna chuid acmhainní féin (i.e. ioncam ó chíosanna, díol maoine, srl.)
Maidir le buiséad an Údaráis don bhliain 2015, ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta gur fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2014 go mbeadh athbhreithnithe cuimsitheacha ar chaiteachas caipitil agus reatha le cur i gcrích ag na Ranna Rialtais go léir le linn 2014. Tá na hathbhreithnithe seo mar bhunús do chreat buiséid ilbhliantúil an Rialtais agus déantar iad ar bhonn tréimhsiúil le cinntiú go bhfuil caiteachas na Ranna i gcomhréir leis na tosaíochtaí Rialtais. Tá na hathbhreithnithe sin ar bun faoi láthair agus déanfaidh an Rialtas iad a mheas níos deireanaí i mbliana i gcomhthéacs a chuid pleananna caiteachais do 2015 agus do na blianta ina dhiaidh sin. Tuigfidh an Teachta go ndéanfar soláthar airgid an Údaráis ón Státchiste don bhliain 2015 a mheas i gcomhthéacs na n-athbhreithnithe sin agus i gcomhthéacs an phróisis mheastachán agus cháinaisnéise níos déanaí i mbliana.