Maidir le gnéithe nua LEADER den Chlár Forbartha Tuaithe 2014-2020, cuirfear na gnéithe seo i bhfeidhm ag baint úsáide as cur chuige rannpháirteach pobalthreoraithe, sa chaoi go dtiocfaidh comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha áitiúla le chéile chun gníomhaíochtaí pobal-mhaoinithe a mbeidh baint acu leo a phleanáil agus a chur i bhfeidhm agus cinntí a dhéanamh ina dtaobh. I gcomhthéacs Chlár LEADER, is iad na Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla a chuireann an cur chuige seo i bhfeidhm. Tá na riachtanais a bhaineann le comhdhéanamh na ngrúpaí seo leagtha síos i rialacháin an AE agus ina measc siúd tá riachtanas ann go mbeadh cothromaíocht sainiúil ann maidir le dreamanna socheacnamaiocha poiblí agus príobháideacha chun an cur chuige pobalthreoraithe a threisiú. Ní chomhlíonann Údarás na Gaeltachta na riachtanais seo agus, dá réir sin, ní bheadh an tÚdarás i dteideal moladh a chur isteach mar Ghrúpa Gníomhaíochta Áitiúil faoin gClár.
Faoin gClár nua, áfach, tá sé ar intinn ag mo Roinn dul i dtreo múnla Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil a bheadh bunaithe níos mó ar rannpháirtíocht agus ar chomhpháirtíocht agus a thabharfaidh na rannpháirtithe tábhachtacha áitiúla le chéile, idir ionadaithe áitiúla agus pobail, rialtais áitiúla agus gníomhaireachtaí Stáit, chun réimse seirbhísí poiblí a bheadh pobalbhunaithe agus áitiúil a phleanáil agus a sheachadadh ina gceantar féin. Sa chomhthéacs seo, is féidir breathnú ar Údarás na Gaeltachta mar chomhpháirtí an-tábhachtach ar Ghrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla éigin, agus gach seans go mbeadh ról aige i seachadadh gníomhaíochtaí LEADER i gceantair Ghaeltachta ar son na ngrúpaí sin.
Maidir le maoiniú príomhshrutha Údarás na Gaeltachta, is ceist í sin do mo chomhghleacaí, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.