Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tionscnaimh Fhorbartha Pobail

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 July 2014

Tuesday, 15 July 2014

Ceisteanna (519)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

519. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil céard iad na pleananna atá aige leis an gClár um Chuimsiú Sóisialta agus Clár Leader a sheachadadh sa Ghaeltacht; an bhfuil sé i gceist aige freastal ar an nGaeltacht ar fad trí chomhlacht amháin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31540/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Déanann na moltaí atá leagtha amach i Putting People First – Action Plan for Effective Local Government iarracht rialtais áitiúil a lonnú "mar phríomh-fheithicil rialachais agus seirbhís poiblí ag leibhéal áitiúil – ag tabhairt cinnireacht eacnamaíochta, sóisialta agus forbairt pobail, ag cur seirbhísí éifeachtúla agus dea-luacha i bhfeidm, agus ag tabhairt ionadaíochta éifeachtach agus cuntasach ar son saoránaigh agus pobail áitiúla ".

Mar chuid den chlár athchóirithe rialtais áitiúil, tá Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ) á mbunú i ngach ceantar údaráis áitiúil. Beidh na Coistí seo, a chuimsíonn leasanna socheacnamaíochta poiblí-príobháideacha, freagrach as cláir fhorbartha pobail áitiúla ar bhonn ceantair lena n-áirítear an Clár Gníomhachtúcháin Pobail agus Cuimsiú Sóisialta (SICAP). Forbróidh siad agus déanfaidh siad comhordú agus cur i bhfeidhm ar fhorbairt áitiúil agus pobail ag úsáid cur chuige níos comhtháite ná roimhe seo, leis an aidhm dúbail agus forluí a laghdú agus an úsáid is fearr a fháil as na hacmhainní atá ar fáil ar leas saoránaigh agus pobail.

Tá SICAP ar cheann de na tosaíochtaí is tábhachtaí dom. Déanfar cinneadh maidir lena mbuiséid don bhliain seo chugainn i bpróiseas Meastacháin 2015, de réir chleachtas idirnáisiúnta, an Chóid Chaiteachas Poiblí, chomhairle dlí agus chun a chinntiú go ndéantar seirbhísí a chur i bhfeidhm ar ard-caighdeán do chliaint, beidh an Clár faoi réir phróiseas soláthair phoiblí, atá ar siúl faoi láthair. Ba é an 11 Iúil 2014 an dáta deiridh le haghaidh admháil léirithe spéise faoi Chéim 1 den phróiseas.

Is próiseas iomaíoch é an próiséas soláthair phoiblí atá oscailte do Chuideachtaí Áitiúla Forbartha, grúpaí eile pobail neamhbhrabúis, gnónna tráchtála agus eagraíochtaí náisiúnta gur féidir leo na seirbhísí atá le tairiscint don Chlár nua a sheachadadh. Spreagtar comh-iarratais agus tugtar cuireadh do heagraíochtaí de mhéideanna éagsúla(mar shampla eagraíochtaí beaga ag obair i dteannta le heagraíochtaí níos mó) comh-iarratais a chur isteach. Ní mór d'iarratasóirí sa chéad chéim den phróiseas tairisceana a thaispeáint go gcomhlíonann siad na critéir do sheachadadh seirbhísí sa Mhír(eanna) a dhéanann siad iarratas ar/orthu. Tá 31 "Mír" á gcur ar fáil faoin bpróiseas tairisceana, bunaithe ar limistéir na nÚdarás Áitiúil - i gcásanna áirithe is féidir iad seo a roinnt isteach in aonaid níos lú ag Céim a dó den bpróiseas. Cuireadh Ceantair Ghaeltachta agus Oileán san áireamh sna Míreanna a chlúdaíonn na húdaráis áitiúla faoi seach.

Tá ról ag iarrthóirí Comhpháirtí i gcur i bhfeidhm an chláir. Ní mór d’iarrthóirí Comhpháirtí den sórt sin a shainaithint sa Cheistiúchán maidir le Cáilíocht agus féadfaidh socrú conarthach a bheith ag teastáil idir an Iarrthóra Luaidhe agus aon iarrthóirí Comhpháirtí. Is féidir le hiarrthóirí brath ar acmhainní eiseadh eile d'fhonn na riachtanais oiriúnachta a shásamh ar choinníoll gur féidir leo a chruthú chun sástacht Phobal go mbeidh na hacmhainní sin ar fáil dóibh nuair is gá.

Táim sásta go bhfuil an próiseas soláthair ar siúl i gcomhréir leis an gcleachtas is fearr agus go bhfuil an t-eolas ábhartha ar fad, maidir leis an bpróiseas, ar an doiciméadú atá ar r-Tairiscintí. Táim ag tnúth le toradh an phróisis sholáthair agus ar leathnú amach SICAP i mí Eanáir 2015.

Maidir le pleananna do LEADER, cuireadh an dréacht Clár Forbartha Tuaithe (CFT) 2014-2020 Oibriúcháin faoi bhráid an Choimisiún Eorpaigh agus is féidir téacs an chláir iomláin a fháil ar an nasc seo http://www.environ.ie/en/Community/RuralDevelopment/EURuralDevelopment/RuralDevelopmentProgrammeLEADER2014-2020/.

Léiríonn an doiciméad seo na socruithe do sheachadadh na gnéithe LEADER den CFT i gceantair thuaithe agus cur síos ar na limistéir 28 fo-réigiúnach a mbeidh Straitéisí Forbartha Áitiúla LEADER (SFA) a fhorbairt. Sa chomhthéacs seo agus mar chuid den phróiseas roghnaithe SFA beidh mo Roinn ag iarraidh ar SFA amháin agus Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil amháin do gach chontae taobh amuigh de chontae Chorcaí áit a mbeidh 3 Ghrúpaí Gníomhaiochta Áitiúla ag teastáil. I gcomhthéacs na ceantair Ghaeltachta beidh na critéir maidir le roghnú na SFA forbartha chun a chinntiú go gcaithfidh aon chontae ina bhfuil ceantar Gaeltachta aghaidh a thabhairt go sonrach ar riachtanais na bpobal Gaeltachta agus cuid airithe dá dháil airgeadúil LEADER a imfhállú mar chuid den phróiseas forbartha SFA.

Barr
Roinn