Ní raibh aon mhoill ar íocaíocht a eisiúint leis an duine ainmnithe. Tosaíodh íocaíochtaí faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2014 a eisiúint go náisiúnta de réir na sprice, an 24 Meán Fómhair. Eisíodh íocaíocht chuig cuntas bainc ainmnithe an duine ainmnithe an 24 Meán Fómhair 2014. Níor eisíodh íocaíochtaí faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012 agus 2013 fós, mar gheall ar cheisteanna nach bhfuil réitithe fós maidir le eastát an duine éagtha. Tá oifigeach ó mo Roinn i dteagmháil dhíreach leis na daoine ainmnithe le súil agus na ceisteanna sin a réiteach agus íocaíocht a dhéanamh go luath ina dhiaidh sin. Níl aon íocaíochtaí amuigh le heisiúint chuig an duine ainmnithe faoin Scéim um Chosaint an Chomhshaoil Tuaithe. Maidir le Scéim na hAoníocaíochta, fuair mo Roinn iarratas ar Aistriú Teidlíochtaí an 15 Bealtaine 2014, chun 7.21 teidlíocht caighdeánacha a aistriú chuig na daoine ainmnithe. De bharr nach raibh an t-iarratas sin comhlánaithe go hiomlán, b’éigean dúinn scríobh chuig na hiarratasóirí chun an fhianaise dhoiciméadach nach raibh faighte fós a fháil. Tá roinnt doiciméadúcháin faighte anois agus tá teagmháil déanta ag mo Roinn leis na hiarratasóirí chun aon cheist eile a réiteach agus chun íocaíocht a eisiúint sa chás seo.