Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Riarachán Thionscadail Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 16 October 2014

Thursday, 16 October 2014

Ceisteanna (201)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

201. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén fath ar diúltaíodh deontas a cheadú le hoibreacha a dhéanamh ar scoil (sonraí le seo) agus le síneadh a chur leis an scoil atá ag teastáil go práinneach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39667/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is féidir liom a dheimhniú gur chuir an scoil dá dtagraíonn an Teachta iarratas faoi bhráid ar rangsheomra príomhshrutha breise. Tá 3 rangsheomra príomhshrutha ar fáil don scoil 3 rangsheomra seo. Mar is eol don Teachta, is é is cuspóir thar gach ní eile ag mo Roinnse ná a chinntiú go mbíonn rochtain ag gach páiste ar ionad fisiciúil scoile agus go mbíonn ar chumas ár gcóras scoile fónamh ar líonta méadaitheacha daltaí. Is éard a bheidh mar phríomhfhócas don infheistíocht chaipitil i scoileanna sna blianta amach romhainn ná tionscadail mhóra scoile a sheachadadh chun freastal go náisiúnta ar éilimh shuntasacha déimeagrafacha. Sa chomhthéacs sin, níor cheadaigh mo Roinnse cóiríocht bhreise don scoil dá dtagraítear. Mar sin féin, breithneoidh mo Roinn iarratais ar mhaoiniú déabhlóidithe ó scoileanna aonair chun freastal ar riachtanas láithreach cóiríochta de bharr rolluithe méadaitheacha áit a bhfuil múinteoir breise á cheapadh. Is féidir leis an scoil i gceist iarratas a chur faoi bhráid ar chóiríocht bhreise más rud é go mbíonn múinteoir breise ceaptha.

Barr
Roinn