Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 October 2014

Tuesday, 21 October 2014

Ceisteanna (290)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

290. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth go bhfuiltear a rá go ndearnadh ró-íocaíocht faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste do 2013 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cad iad sonraí na ró-íocaíochta atá i gceist; an féidir lena Roinn sonraí agus mapaí a bhaineann leis an ró-íocaíocht seo a chur chuig an bhfeirmeoir seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40103/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Léirigh athbhreithniú ar na gabháltais talún a dhearbhaigh an duine ainmnithe faoi Scéim na hAoníocaíochta 2013 go raibh gnéithe neamh-incháilithe ag baint le ceann de na gabháltais talún a dhearbhaigh an duine ainmnithe. Cé gur cuireadh an cinneadh sin agus an ceart maidir le hachomharc a dhéanamh in iúl don duine ainmnithe, níl aon achomharc faighte go dtí seo. Is féidir leis an duine ainmnithe fós achomharc a dhéanamh, más mian leis.

Barr
Roinn