Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Soláthar Aersheirbhísí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 October 2014

Tuesday, 21 October 2014

Ceisteanna (624)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

624. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a lorgófar tairiscintí nua le haghaidh na seirbhíse aeir go dtí na hoileáin Árann á chur san áireamh gur féidir leis níos mó ná sé mhí a thógáil ó fhógraítear go bhfuil tairiscinti á lorg (ag cur próiséas léirithe spéise san áireamh) go mbeidh conraitheoir réidh le dul i mbun seirbhíse; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40314/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá mo Roinn i láthair na huaire ag scrúdú tuarascáil EY maidir le seirbhís aeir Oileáin Árann. Beidh an scrúdú sin críochnaithe go luath agus déanfar cinneadh faoin tseirbhís ina dhiaidh sin. Ní miste a nótáil go bhfuil conradh i bhfeidhm don tseirbhís go dtí 30 Meán Fómhair 2015.

Barr
Roinn